Comhbhrón le Clann Uí Rabhartaigh, is le teaghlaigh na gasúraí a cailleadh go tragóideach aréir. Tá ar smaointe le nár gcairde i CLG Chloich Cheann Fhaola ag an am seo chomh maith.
Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.🙏
Ní raibh an lá linn inniu ach tá muid fíor bródúil as a iarracht mhór atá curtha isteach ag na leaids. Thug sibh bliain iontach dúinn. Buíochas don lucht tacaíocht a rinne an turas inniu agus gach duine a thug tacaíocht ar dhoigh ar bith i rith an séasúr. Maith sibh.
💚🇳🇬💚
Cé nár raibh an lá linn inniu tá muid uilig fíor bhródúil as an iarracht mhór atá curtha isteach ag na himreoirí agus an fhoireann bainistíocht le trí bliain anuas. Míle buíochas as an am mhaith a thug sibh dúinn uilig sa pharóiste. Beidh sibh ar ais arís. 💚🇳🇬💚
Ba mhaith le CLG Ghaoth Dobhair a dheimhiú gur gortú ACL atá ar Kieran Mac Giolla Easpaig. Beidh sé ina chailliúnt mhór dúinn don chuid eile den séasúr Tá muid ag guí gach rath air agus go mbeidh sé ar a shean léim arís gan mhoill.
Tórramh Mícheál Roycee Ó Rabhartaigh
Aifreann ag tosnú ar 11.30r.n.
Beidh an club ag déanamh Garda Onórach roimh an aifreann. Baill agus imreoirí ag teacht le chéile dí Mhic Géidigh ar 11.00r.n.
Ag guí gach rath ar Ódhran Mac Pháidín Ó Fearraigh atá imithe go dtí an Liobáin faoi oibríocht síochánaíochta leanúnach na Náisiúin Aontaithe le Óglaigh na hÉireann ar feadh 6 mhí. Ádh mór ort.
Suaimhneas síoraí do anam Paidí Thaidhg Mac Pháidín a d'imigh uainn ar maidin inniu. Bhí Paidí ina Uachtarán ar an chlub leis na blianta anuas agus thug sé tacaíocht iontach do foirne an chlub ó faoi aois, mná agus sinsear. Chomhbrón lena ghaolta go léir. 💚💚💚
It was another fiercely contested AIB Senior Football Club Championship full of twists, turns and drama. The judges had
#TheToughest
job to select the team of the season but here is their 15. Congratulations to the players, teams and parishes involved! 👏
Lá stairiúil dúinn amarach nuair a théann muid chun páirce in éadan
@crossrangers
ar An Ómaigh @ 3.00i.n. Ag guí gach rath oraibh a fheara agus seasaigí an fhód go láidir. 🇳🇬🇳🇬💚🇳🇬🇳🇬
Comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde Michael Jack O' Donnell. Fear uasal a raibh aoibh an gháire air i gconaí. Codladh sámh a chara.
@NaomhConaillGAA
Comhghairdeas leis an fhoireann Faoi 21, éacht iontach déanta agaibh. Droch ádh ar
@laveygac
beidh lá eile agaibh. Míle buíochas do
@KickhamsCreggan
as gach rud a réachtáil go maith.
Comhbhrón le clann Uí Dhuibhir ar bhás Huidí Ó Duibhir. Bhí Huidí ina chara dilís don club ar feadh na blianta fáda agus bhí sé chomh bródúil nuair a rinne sé an turas leis na cupaí go oileán Ghabhla ar lá na bliain úra. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Craobh Club Uladh
Lán ama
An Carraigín: 1-13(16)
Gaoth Dobhair: 3-11(20)
Maith na gasúraí.🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬
Comhbhrón le An Carraigín dara leath iontach agaibh.
@cargin_Gac
Cluiche iontach eile ó leaids Ghaoth Dobhair inné. Iarracht mhór eile fá choinne oíche Chéadaoin. Bhí an lucht tacaíocht dochreidte arís.
💚
#cro
í💚
#spiorad
💚
#paisean
💚
🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬
Ba le croí trom a chuala muid faoi bhás Patsy Ghabhla aréir. Ní raibh mórán cluichí de chuid an chlub nach rinne Patsy freastal orthu thar na blianta. Comhbhrón le Eithne agus an clann uilig.
Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Craobh Sinsear
Cluiche Leath Cheannais
Lán ama
Gaoth Dobhair : 1-6(9)
Cill Chartha : 0-14(14)
Ní raibh sé in an dúinn. Míle buíochas do na gasúraí as an iarracht mhór i mbliain aisteach. 🇳🇬💚🇳🇬
Ádh mór ar Chill Chartha sa chuiche ceannais.
Comhghairdeas leis an fhoireann sinsear a bhain Sraith Roinn 1 inniu nuair a fuair siad an bhua ar Bhaile na nGallóglach leis an scór 2-19 go 1-07. Beidh an cluiche deireanach den sraith i néadan an Clochán Liath, Dé Sathairn seo chugainn i Machaire Gathlán. Maith sibh.🇳🇬💚🇳🇬
Déanann CLG Ghaoth Dobhair comhghairdeas ó chroí le Neil, Dáire, Domhnall, Daithí agus le foireann Dhún na nGall as Craobh Shinsear Uladh a bhaint inniu. Comhghairdeas fosta le Jim agus a fhoireann bainistíochta go léir. Comhghairdeas speisialta le Dáire as an dá phoinnte agus an…
Comhghairdeas le foireann Dhún na nGall agus muintir Ghaoth Dobhair - Neil, Domhnal, Daithí agus sár imreoir an chluiche Dáire Ó Baoill, a scóráil 2.1. Tá muid fíor bhródúil.
Congratulations to foireann Dhún na nGall and Dáire Ó Baoill, man of the match with two goals and a…
Míle buíochas do Hugo, Nicky, Oisín agus Pól Ó Rabhartaigh as an obair mhór atá déanta acu le cúpla tráthnóna anuas ag cuir suas na tuilsoilse úr ar an pháirc traenála. Is maith baill mar sin sa chlub.
💚"Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine"💚
🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬🇳🇬
Michael Murphy Sports & Leisure
Cluiche Ceathrú Ceannais
Craobh Sinsear
Lán ama de am breise
Gaoth Dobhair : 2-20(26)
Realt na Mara: 2-17(23)
Maith na gasúraí.🇳🇬🇳🇬
Droch ádh Realt na Mara.
Michael Murphy Sports & Leisure
Craobh Sinsear
Michael Murphy Sports & Leisure
Craobh Sinsear
Lán ama
Ard an Rátha 0-7(7)
Gaoth Dobhair 2-18(24)
Maith na gasúraí.🇳🇬🇳🇬
Craobh Sinsear B
Cluiche Ceathrú Ceannais
Lán ama
Gaoth Dobhair 1 - 13
Na Ceithre Máistir 2 - 08
Cúl ó Cian Mac Giolla Bhríde sa bomaite deireanach den cluiche.
Comhghairdeas leis na gasúraí fríd go dtí an cluiche leath ceannais.
💚🇳🇬🇳🇬💚
Peil na mBan
Craobh Sóisear A
Lán ama
Na Ceithre Máistir 2-03
Gaoth Dobhair 0-18
Maith na girseachaí, sin iad fríd go dtí an cluiche leath ceannais.🇳🇬💚🇳🇬
Don dara bhliain i ndiaidh a chéile tá an Craobh bainte ag an foireann F21. Tá muid iontach bródúil asaibh agus béidh oíche ceiliúrtha sa clubtheach anocht daoibh 💪
Comhbhrón le clann Uí Bhraonáin ar bhás Leon. Pictiúr deas do Leon ag ceiliúradh le mhuintir Dobhar tar éis bua Craobh Clubanna Uladh i 2018.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.🙏
Tá muid fíor bhuíoch do na comhlachtaí uilig sa cheantar as ucht urraíocht don fhoireann sinsear agus iad ag déanamh réidh do chluiche ceannais Uladh. Rinne RAP, Sioen Industries, agus Cope Sports bronnadh ar chuid de na himreoirí inniu.
An obair ná mbíonn le feiceáil ag dul ar aghaidh sa chlub. Neart craic, cuideachta agus cór argóint idir muintir Ghabhla agus Inis Meáin agus iad ag deisiú na heangacha. Jimí Éamonn Bháin, Danny Rosie, Owenie Eoghan Liam agus Hugo.
🇳🇬Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.🇳🇬
Seoladh oifigiúil lenár n- urraí do Fhoireann Sinsearach na bhFear agus Peil na mBan.
Eugene, Lisa, Brendan as Siopa Mhicí agus Joseph Mac Suibhne ag an seoladh oifigiúil inne le imreoirí ár gclub.